Tuarascáil Speisialta 73 – Rialú Inmheánach agus Rialachas in FÁS
Foilsithe an 28 Eanáir 2010
Feidhmíonn FÁS faoi choimirce na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus tá feidhmeanna aige i ndáil le hoiliúint a chur ar dhaoine faoi mhíchumas agus do lucht dífhostaithe, breisoiliúint a chur ar lucht fostaithe, agus printíseachtaí a riar. Is éard a bhí sa scrúdú seo ná athbhreithniú ar rialú inmheánach, rialachas agus nithe gaolmhara in FÁS thar an tréimhse 2002 go 2008. Dhírigh sé ar idirbhearta a rinneadh ag Ceannoifig FÁS agus ar shocruithe rialachais don eagraíocht. Rinneadh athbhreithniú ann chomh maith ar bhainistiú an Chláir Forbartha Inniúlachtaí agus riarachán costais taistil eachtraigh agus gnó. Déantar roinnt réimsí a shainaithint sa tuairisc ina bhféadtar feabhsuithe a dhéanamh do na córais, cleachtais agus nósanna imeachta a bhí in úsáid ag FÁS.